The Nationalist, 6 Deireadh Fómhair 1928 Bás Sheáin Uí Dhubhuí Fógraítear sa tseachtain seo bás An tUas. Seán Ó Dubhuí, as Nua-Eabhrac, ceannaire mór na bhFíníní ó 1867. Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán “The Gaelic American”. Dob as Contae Laoise a shinsear. Scríobh Mícheál Ó Dubhuí, seanuncail le Seán Ó Dubhuí, nach maireann, stair Bhaile Átha Í, a sheol sé chuig an “Irish Magazine” i mí Márta 1809. D’aimsigh Frank Richardson, ó Bhaile Átha Í, an cóip den “Irish Magazine” inar foilsíodh an t-alt seo i Mendoza’s Old Book Store ag Sráid Áine, Nua-Eabhrac, agus thug sé do eagarthóir “The Gaelic American” í. Sé lán-teideal an bhfoilsiúcháin ná “The Irish Magazine and Monthly Asylum for Neglected Biography” agus bhí an té míchlúiteach Matty Fox ina eagarthóir agus ina bhfoilsitheoir air. Rugadh athair Micheál Ó Dubhuí, údar na staire, i 1713 agus fuair sé bás i 1815; mar sin, bhí se beo sé bliain tar éis a scríobhadh an t-alt sin i 1809. Níor labhair se Béarla ar bith go dtí go raibh se cúig bliain is fiche d’aois. Agus an scéal á scríobh ag a mhac, bhí eolas fairsing agus domhain a athar faoi Bhaile Átha Í mar leas aige, mar aon le teacht ar leabhair agus lámscríbhinní nach bhfuil ar marthain anois. Bhí sé ina Chaptaen ar na Reibiliúnaigh in Éirí Amach Chill Dara i 1798, agus bhí air comharsanacht Bhaile Átha Í a fhágáil dá bharr san. Lonnaigh sé sa Chill i 1805, agus d’éirigh go maith leis mar chonraitheoir, agus é ina mhaor ar thogáil chuid mór den Chanáil Mór. Fuair se bás timpeall 1841 nó 1842. Rugadh Mícheál Ó Dubhuí, údar na staire, sa Fraoch, feirm ar eastáit Diúic Laighin, ata suite i bparóiste Bhaile Átha Í, ach d’aithrigh sé chuig An Chill ag tús an naoiú aois déag. Bhí slua maith de chlanna den ainm ina gcónaí i gcomarsanacht Bhaile Átha Í thar ghlúin éagsúla tar éis Ár Mhullach Maisteain, inar rinneadh slad ar Cheannaire na Clainne, i dteannta le Ruairí Ó Mordha agus mórán eile, ag Iarla Essex, i 1578. Sé ainm ceart na clainne ná O’Duibhidh. Leagadh síos stair na clainne i “History of the Queen’s County”, leis An Canónach Ó’hAnluain, nach maireann. 17