Teresa Brayton, Náisiúnaí, File agus Úrscéalaí Rugadh an file náisiúnach Teresa Brayton mar Teresa Boylan i mbaile fearainn Chill an Srutháin, gar do Cluain Chonaire, ar 29 Meitheamh 1868, an cúigiú paiste i gclann de triúr buachaillí agus trúir cailíní. Iníon le Hugh Boylan, bhí a sin-seanathair ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe, agus é páirteach san ionsaí rathúil ar gharastún Sasanach sa Chorrchoill, Co. Chill Dara le linn Éirí Amach 1798. Agus í ina déagóir, mhair Teresa trí blianta corrach ‘Cogadh na Talún’, agus, ag éirí as a breathnaithe féin, agus stair clainne Boylan maidir le frithbheartaíocht glórach agus fisiciúil i gcoinne riail na Breataine in Éirinn, bhí an-eolas ag Teresa faoi comhrac na hÉireann ó bhí sí an-óg. Roimh a h-imirce go na Stáit Aontaithe i 1895, bhí sí ina múinteoir cúnta dá deirfiúr Elizabeth sa scoil náisiúnta áitiúil sa Bhaile Nua, agus tugadh aird mór ar a dánta spreagúla, scríofa faoin ainm T. B. Kilbrook, agus foilsithe i nuachtáin Éireannacha náisiúnta agus cúigeach. I mBostún, i Chicago agus, níos déanaí, i Nua-Eabhrac, lean sí le scríobh, agus sholáthar sí scríbhinn do mór-chuid nuachtáin irisí Meiriceánacha. I Nua-Eabhrac, bhuail sí le Richard Brayton, feidmeannach Ceanadach-Francach sa Rannóg Airgeadais Bardasach, agus pósadh iad. Lean sí ag obair mar saoririseoir, ag scríobh go hiondúil don Irish World, inar foilsíodh a haltanna agus a dánta go rialta, agus dánta á sholáthar aici freisin go mórán foilsiúcháin eile. Bhí éilimh mór ar a dánta, a léirigh dúil an deoraí dá áit dhúchais, i measc imirceoirí ó Éirinn, agus bhí cáil uirthí i measc an pobal Gael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac. Agus í ar cuairteanna abhaile go h-Éirinn, bhí sí cáirdiúil le ceannairí Seachtaine na Cásca, agus thug sí go tréan faoi chúis na hÉireann, ag crinniú ciste, ag dáilleadh paimfléid, agus ag scríobh a náisiúnachas díograiseach i ndánta gur tugadh ‘roisc catha coimhlinte dheireannach na nGael’ orthu. Thaistil sí go Bhaile Átha Cliath go luath i 1914, áir inar bhuail sí le Pádraig Mac Piarais, agus scríobh sí gearrscéal dar teideal ‘A day with Pádraig Pearse’. “Never did a more beautiful day dawn on the city of Dublin – grey, old Dublin, sutting there by the Liffey, ever lovely, ever sad, ever hopeful – than that morning when I set out from my northside lodgings to spend a Sunday at St. Enda’s at the warm invitation of Pádraig Pearse. Some time before that I had met him in New York and he had told me about making a new record in scholastic affairs”. Tionlacadh Teresa Brayton chuig Scoil Éanna, ahus bhuail sí le Padraig Mac Piarais, ar a thug sí ‘an lasair gheal d’anam tré thine’, agus bhí tae aici taobh leis an crann a chur Robert Emmet – ‘an cupán tae is mó cuimhne air a bhí agam riamh’, a scríobh sí. Chuaigh sí i dteannta an Phiarsaigh go crinniú na nÓglach, agus labhair sé i nGaeilge ar dtús, agus ansin d’aisrtrigh se go Bearla. D’fhág siad a chéile ag Ard-Oifig an Phoist i Sráid Sackville, “Nuair a fhillfidh mé ar ais go hÉirinn”, adúirt Teresa, “beidh athrú ar chúrsaí”. “Cinnte, beidh athrú ar chúrsaí”, adúirt an Phiarsach. Ní bhuailfeadh Teresa leis an bPiarsach riamh arís, ach bhí an ceart aige – bhí athrú mór ar chursaí nuair a d’fhill sí go hÉirinn. Bhí brón ar Teresa tar éis bású a gcairde, agus chaith sí, ar slabhra beag thar a muinéal, píosa den bratchrann ar a chrochadh bratach na hÉireann ag Ard-Oifig an Phoist ar Luan Cásca, 1916 – cuimhneachán a bhronn an Cuntaois Markievicz uirthi. Tar éis bás a fir chéile, d’fhill Teresa Brayton go h-Éirinn go deo i 1932, agus mhair sí ar feadh tamaill lena deirfiúr i mBré, agus níos déanaí in Ascaill Waterloo, An Trá Thuaidh. I 1941 d’fhill Teresa Brayton go a sean-bhaile i gCill an Sruthain, Co. Chill Dara, ina bhfuair sí bás dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar 19 Lúnasa 1943, sa seomra céanna inar rugadh í. James Durney Staraí Cónaithe 29 The Old Bog Road e here on Broadway this blessed harvest morn ache that’s in me for the spot where I was born y hands are blistered from toil in cold and heat wing a scythe today through a field of Irish wheat e chance to wander back or own a kings abode oner see the hawthorn tree on the old bog road er died last springtime when Erin’s fields were green eighbours said her waking was the finest ever seen ere snowdrops and primroses all piled beside her bed rn’s church was crowded as her funeral mass was said ut here was I on broadway building brick by load they carried out her coffin down the old bog road Now life’s a weary puzzle past finding out by man take the day for what it’s worth and do the best I can no-one cares a rush for me what needs to make a moan l go my way and earn my pay and smoke my pipe alone Each human heart must know it’s grief, though bitter be the load O God be with you Ireland, and the old bog road