Thaisteal Frances ó Nua-Eabhrac chun plaic a nochtadh ag Páirc CLG Chill Chóca, i gcuimhne ar a sin-seanathair John Kenny, ó Baile Uí Bhranagáín, Cill Chóca, crann taca mór le Seán Ó Dubhuí. I measc abhair an seimineáir bhí: John Devoy, an Fínín ba mhó, a rugadh ag An Cnoc Glas, An Chill; John Kenny, teachtaire ó Chlann na nGael a rug leis airgead ó Meiriceá chun an t-Éirí Amach a mhaoiniú; Teresa Brayton, náisiúnaí, file agus scríbhneoir, agus cara le cuid mór de cheannaraí an Éirí Amach; an deoraí Fíníneach William Francis Roantree, a bhí ocht mbliana agus ceithre scóir d’aois ag an am, agus cáil air de bharr gur spreag sé baill an gharastúin in Ard-Oifig an Phoist; agus Jack Fitzgerald, ón Droichead Nua, agus cáil air mar imreoir don Chontae agus mar Chathaoirleach ar CLG Chill Dara, a gabhadh agus a chuireadh i bpríosúin tar éis an Éirí Amach. Léirigh Showstoppers The Songs of Percy French ar 23-24 Deireadh Fómhair ag Halla Bhaile An Náis, le ceol na linne. Tharla seo ag an am céanna le nochtadh dealbha Sheáin Uí Dhubhuí agus cuairt ó Chumann Chill Dara Nua-Eabhrac. 33