Ar Luan na Cásca 1916, chuaigh sé céad déag fir, mná agus páistí amach chun troda ar son Éire neamhspleach. Lean an cath i mBaile Átha Cliath ar feadh sé lá, agus mar thoradh air maraiodh ceithre céad agus ochtó cúig daoine, agus scriosadh cuid mór den chathair. Cé gur i mBaile Átha Cliath a tharla a chuid ba mhó den bheart, tháinig cuid maith de na hÓglaigh ó ionaid taobh amuigh den chathair; bhí ar a laghad beirt agus triocha, idir fir agus mná, ó Chill Dara páirteach san Éirí Amach, ina measc cúigear déag a shiúil ó Maigh Nuad go hArd-Oifig an Phoist. Maraíodh deichniúir ar a laghad as Chill Dara, agus gortaíodh nó príosúnaíodh na scórtha breise ina dhiaidh. Bhí Seán Ó Dubhuí, ceannaire ar Chlann na nGael i Meirceá, agus a rugadh i gCill Dara, ina ard- airgeadaí don Éirí Amach. Rug an Captaen Tom Byrne scéala chuig An Nás ón gCeannáras i mBaile Átha Cliath go raibh éirí amach le bheith ar fud na tíre ar an Domhnach 23 Aibreán, agus inlíochtaí pleanáilte na nÓglach mar cheilt. Ordaíodh dó complachtaí uilig an chontae a slógadh agus iad a thabhairt go Baile Uí Bhuadáin, gar le Na Solláin, chun go dtiocfadh siad le chéile, chun an droichead iarnróid a phléascadh, agus dul ar aghaidh go Baile Átha Cliath. Gheall na complachtaí uilig go mbeadh slua mór i láthair. De bharr freasordú ó Eoin Mac Néill, áfach, tharla dul amú ar an scéal i gContae Chill Dara. Tháinig cúig complacht óglach le chéile le haghaidh comhraic, ach d’éirigh siad as nuair a fuarthas an freasordú. Theip ar an bplean chun an droichead iarnróid ag Baile Uí Bhuadain a phléascadh, agus chuaigh an Captaen Byrne, an Leifteanant O’Kelly agus Tom Harris go Maigh Nuad, áit ina raibh Complacht Maigh Nuad slógtha ag Domhnall Ua Buachalla nuair a fuarthas scéala gur leanadh ar aghaidh leis an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath. Shiúil cúigear déag ó Maigh Nuad go Bhaile Átha Cliath maidin Dé Máirt, agus d’fháiltigh P. H. Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile rompu. I ngarastún Aird- Oifig an Phoist, tháinig na fir ó Maigh Nuad ar dhaoine eile ó Chill Dara. Bhí fir agus mná ó Chill Dara lonnaithe le garastúin eile ar fud na cathrach. Bhí mórán ó Chill Dara i reisimintí Eireannacha Airm na Breataine a thainig chuig an príomhchathair chun an éirí amach a smachtú. Tháinig roinnt dóibh siúd a maraíodh go luath, ina measc an Captaen Alfred Warmington agus an Saighdiúir Singil Bernard Mulraney, go Baile Átha Cliath ó Dhún Dhroichead Nua agus Campa an Churraigh. Fuair an Saighdiúir Singil James Duffy, ó Chill Chéile, bás de bharr an chogaidh freisin. I measc na luath-taismigh siabhialta bhí fir agus mná a rugadh i gCill Dara, ach go raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath. Maraíodh Michael Kavanagh ag reibiliúnaigh ag baracáid ag Faiche Staibhna; mharaigh snípéirí neamhaithnithe Edward Murphy agus Francis Salmon, agus sháigh saighdiúirí Briotanacha Peter Connolly le beaignit i Sráid an Rí Thuaidh; fuair Margaret McGuinness bás ar an 3ú Bealtaine 1916, agus seans ann gur gonta gunnaí a fuair sí níos luaithe sa tseachtain ba chúis le seo. Tháinig beirt as na reibiliúnaigh a fuair bás ó Chill Dara: maraíodh Geirge Geoghegan ó Arm Cathartha na hÉireann sa trodaíocht ag Halla na Cathrach, agus fuair An t-Óglach Edward Costello bás de bharr gonta gunnaí ag Ospidéal Sráid Jervis. Taobh amuigh den phríomhchathair ní raibh eachtraí a bhain leis an Éirí Amach ach i gcorr-áit. I gContae Chill Dara, seachas slógadh Chomplachta Maigh Nuad, lochtadh píosa beag den iarnród gar do Bhaile Átha Í mar iarracht ar chur isteach ar chumarsáid. Maraíodh deichniúir ó Chill Dara, idir comhraiceoirí agus siabhialtaigh, sa trodaíocht, agus ina theannta san maraíodh roinnt daoine go raibh baint acu le Chill Dara, ina measc an leanbh Sean Foster, gurb as An Baile Mór a athair. Gabhadh breis agus caoga fir agus mná eile. Cuireadh i bpriosúin iad i gCampa an Churraigh, i nDún Richmond i mBaile Átha Cliath, i bpriosúin i Sasana agus i gCampa Frognoch sa Bhreatain Bheag. Ghlac an Captaen Harry Wheeler, ó Baile Riobaird, le géilleadh chuid maith de garastúin na reibiliúnaigh, agus an Banaltra O’Farrell ina theannta. Mhuascail cuireadh chun báis ceannaraí an Éirí Amach da éis glún chun cúis Saoirse na hÉireann, agus ghlac fir Maigh Nuad ó 1916, Domhnall Ua Buachalla, Tom Harris agus Pat Colgan, a bpáirt i bhforbairt na tíre seo againn. Ar lá tosaigh an Éirí Amach, bhí Ernest Shackleton, a rugadh i gCill Dara, agus go bhfuil clú air i gcónaí maidir le tais- céaladh, ceannaireacht agus buanseasmhacht, i mbaol mór ar an taobh eile den domhan. Agus é ar an tríú turas chuig an tAntartach le ‘En- durance’, bhí sé ar intinn aige dul thar an mór-roinn tríd an Pól Theas, nuair a chuaigh a long i bhfostú san oighear agus cuireadh go tóin poill í da éis. Triomaíodh an criú ar Oileán Eilifinte, agus, mar sin, ar Luan na Cásca 1916, dhírigh Ernest Shackleton agus cúigear fear ar Oileán Georgia Theas, i mbád tarrthála beag, ‘James Caird’, agus thaisteal siad 1,300 km thar sáile i sé lá déag chun teacht i dtír. Tarrtháladh an criú a d’fhan ar Oileán Eilifinte ar 30 Lúnasa 1916. James Durney Staraí Cónaithe Forbhreathnú Stairiúil ar Chill Dara agus 1916 7