Error processing SSI file
Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide
DÉANTA
- Córas Bainistíochta Faisnéise feabhsaithe suiteáilte in 12 ionad seirbhíse agus sa Cheanncheathrú
- Seirbhísí TFC poiblí ar fáil ag na hionaid seirbhíse uile
- Seirbhísí gréasáin ar fáil, lena n-áirítear
- Staidéar Áitiúil agus Cartlanna
- Rochtain ar líne ar chatalóga acmhainní leabharlainne
- Bunachair Shonraí
- Nuacht agus eolas faoi imeachtaí lena n-áirítear eolas a sheoladh tríd an bpost
- Léirmheas ar leabhair, tuairimí agus smaointe úsáideoirí na leabharlainne curtha ar taispeáint
- Tús curtha le soláthar leathanbhanda/seirbhíse gan sreanga ar fud an chontae
- Tús curtha le seirbhís ‘ríomhaire glúine ar iasacht’ ar fud an chontae mar atá ar fáil ag Leabharlann Léim an Bhradáin faoi láthair
- Tús curtha le soláthar teicneolaíochtaí cúnta ag na hionaid seirbhíse uile
- Tús curtha le soláthar bogearraí cúnta ag na hionaid seirbhíse uile
LE DÉANAMH
- Ár líonraí teicneolaíocha agus ár mbonneagar cumarsáide a leathnú agus a fheabhsú chun feabhas a chur ar rochtain an phobail ar TFC
- A chinntiú go ndéantar an infheistíocht uile sa teicneolaíocht a phromhadh i gcoinne ár gcuspóirí príomhúla maidir le riachtanais úsáideoirí, cuimsitheacht agus inrochtaineacht
- An córas bainistíochta faisnéise a leathnú chuig na hionaid seirbhíse uile
- Leanúint ar aghaidh ag tacú le húsáideoirí drogallacha trí mheantóireacht phraiticiúil neamhfhoirmiúil a chur ar fáil
- Raon na mbogearraí ar fáil d’úsáideoirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, a leathnú
- Leanúint ar aghaidh ag cur oiliúna maidir le seirbhísí leictreonacha ar an bhfoireann
- Leanúint ar aghaidh ag forbairt seirbhísí a bhaineann leis an idirlíon
- Seirbhís leabhar leictreonach a sholáthar
- Ball foirne breise a cheapadh chun tacú le seirbhísí TFC poiblí

