Liam MacAmhlaigh

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide is ea é. Ar na suimeanna taighde atá aige, áirítear litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht), foclóireacht na Nua-Ghaeilge, léann digiteach na Gaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí sin, idir leabhair agus ailt.

View EventFéach ar Imeacht

Back to other SpeakersAr ais chuig Cainteoirí eile