Tristan Rosenstock

Is file, drámadóir, údar agus aistritheoir é Tristan Rosenstock. Bhain sé céim amach sa Nua & Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim MA i gCúrsaí Teilifíse & Scannán i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath. Blianta caite aige mar chraoltóir teilifíse agus raidió. Bhuaigh clár ómóis do Seamus Heaney a chuir sé i láthair duais IFTA agus bhuaigh clár raidió faoi shaothar Gaeilge Bhreandán Uí Bheacháin a léirigh sé duais PPI. Léirigh sé ceirnín filíochta dar teideal Fuil ar an Rós a bhí mar chuid de chomóradh 1916. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé ag obair anois mar Eagarthóir liteartha ar Comhar.

View EventFéach ar Imeacht

Back to other SpeakersAr ais chuig Cainteoirí eile